Ó Dúshláine, Tadhg (2007) Fasciculus Morum: Foinse Chomónta do Phrós Cráifeach na Gaeilge sa 17ú hAois? Studia Hibernica (34). pp. 111-122.
Preview
TOD-Fasciculus-2007.pdf
Download (904kB) | Preview
Abstract
Is í an 17ú haois, aois mhór phrós na Gaeilge, prós reitriciúil, teagascach a bhfuil aidhmeanna cinnte caiticéise leis don chuid is mó, ach nach den gcaiticéis iarThriontach, faoi mar a leag Canisius amach i, ach mar fhorbairt agus mar dhaingniú ar an ábhar cráifeachta agus
seanmóireachta a bhí fadbhunaithe ón mheánaois i leith. Bíodh a fhianaise sin ar thrí cinn de leabhair mhóra na tréimhse: SSA, TBGB agus PnamB.2 Seanmóirithe iomráiteacha a scríobh iad: Aodh MacAingil agus rá a bhéil fhéin againn mar fhianaise - 'ó nách léigthear dhúinn tré bhurba an pherseacuision forcheadal do dhénamh ó bheóF(94); b'fhéidir a áiteamh gur aon seanmóin mhór fhada amháin ar an mbás is ea TBGB, idir ábhar agus reitric; agus cnuasach óráidí ar
na suáilcí agus na duáilcí is ea PnamB. Ni hamháin go bhfuil samplaí áirithe i gcuibhreann eatarthu ach tá scata den ábhar iontu le fáil sa Fasciculus Morum (FM anseo thíos), Leabhrán na mBéas, a tiomsaíodh le Proinsiasach Sasanach ag deireadh na 14ú haoise, mar ais seanmóireachta agus a bhí in úsáid choitianta ina dhiaidh sin, maraon leis an Liber Exemplorum, a chóirigh Proinsiasach Sasanach, lonnaithe in Éirinn, thart ar an mbliain 1275, an Speculum Laicorum, a chuir Proinsiasach Sasanach eile le chéile thart ar an dtréimhse chéanna, agus Les contes moralises de Nicole Bozon, frère mineur, a bhailigh Proinsiasach Sasanach eile fós go luath tar éis 1320.
Item Type: | Article |
---|---|
Keywords: | Fasciculus Morum; Foinse Chomónta do Phrós Cráifeach; Gaeilge; 17ú hAois; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 9599 |
Depositing User: | Tadhg O Dushlaine |
Date Deposited: | 27 Jun 2018 15:02 |
Journal or Publication Title: | Studia Hibernica |
Publisher: | Liverpool University Press |
Refereed: | Yes |
URI: | https://mu.eprints-hosting.org/id/eprint/9599 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year