Richards, Jonathan William (2016) An spás istigh agus an spás amuigh: aitiú spáis i saothair liteartha Mhichíl Uí Chonghaile agus Chathail uí Shearcaigh. PhD thesis, National University of Ireland Maynooth.
Preview
Leagan_Deiridh.pdf
Download (1MB) | Preview
Abstract
Tá borradh nach beag ag teacht ar an spéis a léirítear sna scríbhneoirí comhaimseartha
Gaeilge Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh. D’eascair saothair liteartha na
beirte úd as gluaiseacht fhrithchultúir na seascaidí agus na seachtóidí san fhichiú haois
agus tá rian filí agus scríbhneoirí Innti le feiceáil ina gcuid saothar. Tháinig téamaí
réabhlóideacha úrnua liteartha chun cinn ón ngluaiseacht seo; spásanna soch-chultúrtha
inar tháinig an raon príobháideach (an iarracht liteartha) agus an raon poiblí (an chritic)
le chéile. Tá oscailteacht ar leith i dtaobh théama na collaíochta le feiceáil cuid mhór in
iarrachtaí na beirte. Is mar dheoraithe collaí iad carachtair shaothair na scríbhneoirí
agus spás ait collaí á lorg acu. Cé gur as dhá cheantar Ghaeltachta ar leith iad, Gaeltacht
Dhún na nGall agus Gaeltacht Chonamara, feictear go raibh tionchair idirnáisiúnta ar
an mbeirt agus iad ar an bpeann.
Is í bunaidhm an tráchtais seo ná súil úr a chaitheamh ar iarrachtaí liteartha na
scríbhneoirí úd trí leas tugnamhach a bhaint as cur chuige nua-aimseartha
iarstruchtúrach critice a dtugtar teoiric na haiteachta air. Bainfear úsáid as cúlraí
socheolaíocha theoiric na haiteachta chun fiúntas agus luach shaothar na beirte seo a
mheas go domhain. Tabharfaidh an cur chuige teoirice seo cothrom na Féinne do
théamaí áirithe liteartha trínar féidir linn teacht ar spás nua anailíseach critice chun
saothar na scríbhneoirí a ceadaíodh a scrúdú. Breathnófar, mar thoradh air sin, ar
théamaí ar leith agus ar cheisteanna a eascraíonn as an bplé faoin gcollaíocht, faoin
bhféiniúlacht agus faoin gcumhacht. Déanfar scagadh, cuir i gcás, ar an gcrúsáil chollaí
agus ar an teacht amach mar léiriú i saothair na beirte agus é seo curtha i gcomhthéacs
chritic na haiteachta.
Beidh dhá chuid i gceist leis an tráchtas seo: iniúchadh ar fhiúntas chur chuige chritic
na haiteachta agus ansin a cur i bhfeidhm ar théacsanna na beirte scríbhneoirí seo.
Déanfar seo a rianú ina dhá chuid: an spás istigh (an raon príobháideach) agus an spás
amuigh (an raon poiblí). An rud is mó a eascraíonn as an taighde seo ná gur féidir leas
a bhaint as tuiscintí theoiric na haiteachta chun léamha as an nua a fhorbairt i ngort
litríocht na Nua-Ghaeilge. Dar leis an scríbhneoir seo, tugann sé seo cothrom na Féinne
don bheirt scríbhneoirí comhaimseartha a mbeidh a saothar faoi chaibidil sa tráchtas
seo.
Item Type: | Thesis (PhD) |
---|---|
Additional Information: | Seán Mac Risteaird; |
Keywords: | Mhichíl Uí Chonghaile; Chathail uí Shearcaigh; Seán Mac Risteaird; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 7589 |
Depositing User: | IR eTheses |
Date Deposited: | 02 Nov 2016 11:38 |
URI: | https://mu.eprints-hosting.org/id/eprint/7589 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year