Lenihan, Tony (2016) Logainmneacha na mbailte fearainn i bparóistí Bhéal Leice, Theampall Cearna agus Dhroim Caorthainn i mbarúntacht Loirg Contae Fhear Manach: bunfhoirmeacha agus bríonna. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.
Preview
M.Litt 2016 Logainmneacha FM.pdf
Download (3MB) | Preview
Abstract
Ábhar agus Aidhm an Tráchtais
Is é ábhar an tráchtais seo, logainmneacha na mbailte fearainn i mBéal Leice, i
dTeampall Cearna agus i nDroim Caorthainn, trí pharóiste dlí as seacht gcinn ar fad i
mbarúntacht Loirg. Is é 196 líon na mbailte fearainn sna paróistí dlí.
Is í aidhm an tráchtais, anailís a dhéanamh ar logainmneacha na mbailte fearainn
thuasluaite seo d’fhonn teacht ar a mbunfhoirmeacha agus a mbríonna.Tugtar faoin
aidhm seo trí na bealaí seo a leanas:
Aird a thabhairt ar shaothair na gceannródaithe cosúil le Seán Ó Donnabháin, Patrick Weston Joyce, Edmund Hogan, Deirdre agus Laurence Flanagan, agus araile.
Foinsí tánaisteacha a bhaineann le litríocht logainmneacha a scrúdú chun eolas agus léargas a fháil.
Staidéar a dhéanamh ar mhodhanna agus ar thaighde na dtionscadal seo a leanas:
• Bunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie, arna fhorbairt ag Fiontar (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta)
• Northern Ireland Place-Names Project, Béal Feirste lena sraith leabhar Place-Names of Northern Ireland, agus lena suíomh idirlín www.placenamesni.org.
Cuardach forleathan a dhéanamh sna bunfhoinsí a bhaineann le logainmneacha sa Chartlann Náisiúnta, in Public Records Office Northern Ireland (PRONI), sa Leabharlann Náisiúnta, i Leabharlann Ollscoil Mhá Nuad agus i stórtha eolais eile chun leaganacha stairiúla na logainmneacha a aimsiú.
Leaganacha stairiúla na logainmneacha a shocrú i gcomhthéacs na fianaise bailithe ó Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis.
Cuairteanna a thabhairt ar na bailte fearainn chun fuaimniú áitiúil na logainmneacha a chloisteáil.
Na foinsí go léir a úsáid le chéile chun anailís a dhéanamh chun bunfhoirm agus brí gach logainm atá idir lámha a aimsiú, más féidir.
Item Type: | Thesis (Masters) |
---|---|
Additional Information: | M.Litt. |
Keywords: | Logainmneacha na mbailte; Bhéal Leice; Theampall Cearna; Dhroim Caorthainn; Loirg Contae Fhear Manach; bunfhoirmeacha; bríonna; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 7519 |
Depositing User: | IR eTheses |
Date Deposited: | 17 Oct 2016 16:11 |
URI: | https://mu.eprints-hosting.org/id/eprint/7519 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year