Uí Chollatáin, Regina (1998) Eagarthóireacht Phádraig Mhic Phiarais ar an gClaidheamh Soluis. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.
Preview
Regina_Ui_Chollatain_20140711105147.pdf
Download (7MB) | Preview
Abstract
Sa tráchtas seo, pléadh an léargas a fhaightear ar mheon Phádraig Mhic Phiarais agus é
ina eagarthóir ar an gClaidheamh Soluis. I réamhrá an tráchtais, gheofar forbairt ar
chuspóirí, ar mhodh oibre, ar ábhar an tráchtais, ar phointí eolais ar leith agus ar
phríomhábhar na hachoimre seo.
Chun treo na hoibre agus leagan amach na gCaibidlí a shoiléiriú, cuireadh réamhrá le
gach caibidil.
I gCaibidil a hAon pléadh
(i) saol an Phiarsaigh agus tionchar a shaoil ar a thréimhse eagarthóireachta
(ii) bunú an CS agus tábhacht an nuachtáin in Éirinn ag an am
Pléadh forbairt eagarthóireachta an CS agus forbairt an eagarthóra féin - Pádraig Mac
Piarais i gCaibidil a Dó.
Gheofar léargas ar fhealsúnacht oideachais an Phiarsaigh mar a léiritear í sa CS i
gCaibidil a Trí. Gheofar léargas ar an seasamh a ghlac Pádraig Mac Piarais mar
eagarthóir ar pháipéar oifígiúil an Chonartha, ar bhunoideachas, ar mheán oideachas
agus ar ardoideachas na hÉireann sa chaibidil seo.
Rinne an Piarsach an - obair ar son chur chun cinn litríocht na hÉireann agus é i mbun
eagarthóireachta ag tús an chéid. Pléadh an dul chun cinn seo agus dearcadh an
Phiarsaigh ar litríocht agus na healaíona mar a léiritear é sa CS i gCaibidil a Ceathair.
Ba é tuairim Phádraig Mhic Phiarais go raibh dlúthcheangal idir Teanga agus
náisiúntacht agus rinne sé sár - iarracht teoiric an Dátheangachais a fhorbairt. T á
tuiscint na dteoiricí seo pléite i gCaibidil a Cúig.
I gCaibidil a Sé pléadh an pháirt ghníomhach a ghlac an Piarsach i ngníomhaíochtaí
Chonradh na Gaeilge. Léiríodh fosta gurbh i ceann de phríomhaidhmeanna an
Phiarsaigh mar eagarthóir an pháipéar oifigiúil an Chonartha ná fealsúnacht an
Chonartha a chur os comhair léitheoirí an pháipéir.
Phléigh an Piarsach an - chuid gnéithe de shaol na Éireann i rith a thréimhse
eagarthóireachta. Gheofar léargas ar mheon an Phiarsaigh ar chúrsaí eacnamaíochta,
chúrsaí sóisialta, chúrsaí polaitíochta agus chúrsaí creidimh na hÉireann i gCaibidil a
Seacht.
Tar-éis dom mo chuid taighde a chur díom ba léir gur eagarthóir den chéad scoth ab ea
Pádraig Mac Piarais agus gur thréimhse thábhachtach, fhorbartha i saol an Phiarsaigh
féin ab ea a thréimhse eagarthóireachta. Déanfar plé ar an tuiscint a fhaightear ar an dea
- obair a rinne Pádraig Mac Piarais maidir le Gaelú na hÉireann agus ar an léargas a
fhaightear ar shaol na tíre agus ar an bPiarsach féin de thoradh an tsaothair seo, i
gConclúidí an tráchtais i gCaibidil a hocht.
Is buntaighde i an obair seo agus bhí sé riachtanach tuilleadh eolais a chur le corp na
hoibre, sé sin, caibidlí an Tráchtais, chun eolas cruinn, cothrom a fháil ar ábhar an
taighde. De dheasca sin, tá fiúntas agus tábhacht ar leith ag baint le hAguisíní an
Tráchta is agus is fiú aird a dhiriú orthu chun tréimhse eagarthóireachta an Phiarsaigh i
gcomhthéacs ábhar an nuachtáin a thuiscint i gceart.
Item Type: | Thesis (Masters) |
---|---|
Keywords: | Phádraig Mhic Phiarais; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 5322 |
Depositing User: | IR eTheses |
Date Deposited: | 15 Aug 2014 13:00 |
URI: | https://mu.eprints-hosting.org/id/eprint/5322 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year