Uí Bhaoill, Nóra Máire (2002) Litríocht do Dhéagóirí 16-19 Anailís, Measúnú, Moltaí. Masters thesis, National University of Ireland Maynooth.
Preview
Nora_Maire_Ui_Bhaoill_20140805123947.pdf
Download (2MB) | Preview
Abstract
Léitheoireacht na Gaeilge i mease déagóirí, go háirithe san aoisghrupa 16-19 is ábhar
don tráchtas seo. Scoláirí dara leibhéil, san Idirbhliain, sa chúigiú agus sa séú bliain
atá i geeist, grupa nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu ó thaobh ábhair
léitheoireachta Gaeilge de.
Déantar cur síos sa chéad chaibidil ar na deacrachtaí a bhaineann le cothú na
léitheoireachta i mease déagóirí sa lá tá inniu ann, agus ar na fadhbanna breise a
bhaineann le cothú na léitheoireachta Gaeilge. Tugtar cuntas ar stair an seánra ar a
dtugtar flesean do dhéagóirí, nó an déagfhicsean, ag diriú ar pháipéar a scríobh
Robert Dunbar, saineolaí ar litríocht do dhaoine óga, dar teideal Imagining
Adolescence: A Role for Teenage Fiction. Luaitear tréithe an seánra agus an
chonspóid, a bhaineann leis. Ag deireadh na caibidle pléitear an domán leabhar
Gaeilge ar féidir iad a lonnú sa seánra, agus moltar forbairt a dhéanamh ar an aieme
seo leabhar.
Tugann an dara caibidil gearrehuntas ar stair na litríochta do dhéagóirí sa Ghaeilge,
agus sa tríú caibidil tá cur síos ar na deacrachtaí agus na riachtanais faoi leith a
bhaineann le hábhar a sholáthar dóibh, go speisialta dóibh siúd idir 16 agus 19, nó na
hóg-aosaigh, nuair is léamh sa chéad teanga agus sa dara teanga a bhíonn i geeist,
agus an margadh iomlán an-bheag.
Tá cuntas ar a bhfuil i geló do na hóg-aosaigh faoi láthair, agus cur síos níos mine ar
thrí chinn de théacsanna atá oiriúnach dóibh agus a bhaineann leis an déagfhicsean, i
gCaibidil 4.
Torthaí shuirbhé ar nósanna léitheoireachta Gaeilge a rinneadh i mease daoine óga sa
Ghaeltacht agus i dhá Ghaelscoil sa Ghalltacht, atá sa chéad chaibidil eile, agus i
gCaibidil 6 déantar roinnt moltaí praicticiúla, bunaithe ar thaighde an údair agus ar
thuairimí na ndaoine óga féin, faoin treo ba cheart a leanúint anois.
Item Type: | Thesis (Masters) |
---|---|
Keywords: | Litríocht do Dhéagóirí; Anailís; Measún; Moltaí; |
Academic Unit: | Faculty of Arts,Celtic Studies and Philosophy > School of Celtic Studies > Nua-Ghaeilge (Modern Irish) |
Item ID: | 5296 |
Depositing User: | IR eTheses |
Date Deposited: | 08 Aug 2014 11:21 |
URI: | https://mu.eprints-hosting.org/id/eprint/5296 |
Use Licence: | This item is available under a Creative Commons Attribution Non Commercial Share Alike Licence (CC BY-NC-SA). Details of this licence are available here |
Repository Staff Only (login required)
Downloads
Downloads per month over past year